Issue 2 - 2024 200dpi

29 February 2024 Edition

Resize: A A A Print

Ní féidir an phleanáil d’Aontacht na hÉireann a sheachaint a thuilleadh

• Bratach ar son Éireann Aontaithe á nochtadh thar dhroichead na Moirne ar an tSrath Bán

Ní bheidh smacht iomlán ag muintir an tuaiscirt ar ár dtodhchaí socheacnamaíoch féin agus muid fós faoi thoil pé rialtas atá i gcumhacht i Westminster.

Fiú dá mbeadh an Tionól agus an feidhmeannas athbhunaithe, bheadh sé i gcoinne chúlra pholasaithe anás Westminster le deich mbliana anuas agus easpa infheistíochta inár seirbhísí poiblí agus inár n-infreastruchtúr dá bharr. Ní féidir leis an phacáiste airgeadais a d’fhógair rialtas na Breataine a chinntiú go ndéanfar na hinstitiúidí a athbhunú ar bhonn inbhuanaithe. Ní leor é chun an ghéarchéim sna hearnálacha sláinte, oideachais agus seirbhísí poiblí eile a shárú. Ní leor é chun comhaontuithe pá oibrithe na hearnála poiblí a chomhlíonadh. 

Agus na príomhluamháin fhioscacha coimeádta ag Westminster, is léir gur teoranta iad na féidearthachtaí atá ag an Tionól ó thuaidh athruithe dearfacha socheacnamaíocha a chur i bhfeidhm.

Cé go soláthraíonn An Prótocal - lena rochtain ar an dá mhargadh - roinnt buntáistí uathúla eacnamaíochta do gheilleagar an tuaiscirt agus an oileáin go léir, is beag iad i gcomparáid leis an mhéid a d’fhéadfaí a bhaint amach i ngeilleagar comhtháite uile-Éireann laistigh den AE.

San am a chuaigh thart ba é an NHS, saor ag an phointe seachadta, a luadh mar phríomhbhuntáiste mór chun an Aontas leis an Bhreatain a choinneáil. Níl an t-údar bróid seo á dhéanamh a thuilleadh!

Cruthaíonn Aontacht na hÉireann an deis córas sláinte uile-oileáin a fhorbairt saor in aisce ag an phointe seachadta mar gheall ar bharainneachtaí scála agus de bharr coigiltis a bheadh ann de bharr nach mbeadh sainseirbhísí á ndúbláil gan ghá a thuilleadh. I gcásanna gur baineadh triail as cúram sláinte a sholáthar ar bhonn trasteorann/uile-Éireann - ar nós cúram péidiatrach, nó cúram ailse -  tá feabhas mór tagtha ar sheirbhísí agus ar thorthaí.

Argóint rílárnach eile a dhéantar i gcoinne Aontacht na hÉireann ná go gcaillfí an fóirdheontas ó Londain dá bharr. Mar sin féin, níl an t-easnamh idir an fóirdheontas seo agus an méid a thuilleann rialtas na Breataine anseo trí chánacha agus fáltais VAT chomh leathan agus a mhaíonn Aontachtaithe.

Ina theannta sin, léirigh tuarascáil acadúil an tOllamh Kurt Huebner ó Ollscoil Vancouver go n-éireodh níos fearr le comhgheilleagar iomlán na hÉireann ná an dá gheilleagar ar leith scartha, thuaidh agus theas, agus go bhféadfadh sé suas le €35 billiún de thorthaí eacnamaíocha a ghiniúint d’Éirinn bunaithe ar mhúnlaí an staidéir. 

Léiríonn tuarascálacha breise ó Gunther Thurmann - a d’oibrigh sa Deasc Gearmánach don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) le linn athaontú na Gearmáine, in éineacht leis an Seanadóir Mark Daly (de Choiste Feidhmithe Aoine an Chéasta san Oireachtas) - gur dócha go dtiocfadh borradh mór faoi aontacht na hÉireann i dtorthaí eacnamaíocha agus ioncaim thuaidh agus theas.

Ó Bhreatimeacht ar aghaidh, tá an bhearna i gcaighdeáin mhaireachtála sa RA i gcomparáid le hÉirinn ag laghdú i gcónaí. Dar leis an Innéacs Forbartha Daonna, a fhéachann ar leibhéil shaibhris, sláinte agus oideachais chun rangú náisiún a oibriú amach, tá Éire anois san 8ú háit sa domhan i gcomparáid leis an RA atá san 18ú háit.

Is mar thoradh ar athruithe eacnamaíocha agus sochaíocha mar seo a bhfuil méadú seasta tagtha ar líon na ndaoine atá oscailte d’aontacht na hÉireann anois agus go leor ó chúlra aontachtach san áireamh. De réir mar a thagann buntáistí Aontacht na hÉireann chun solais, is amhlaidh a bhfuil suim agus plé ar an cheist ag éirí níos príomhshruthaithe.

Bunaíodh an stát críochdheighilte ó thuaidh ar an bhonn go mbeadh tromlach Aontachtach ionsuite aige go buan. Chaill an tAontachtas polaitiúil a thromlach i dtoghchán an Tionóil in 2017 agus tá an treocht sin treisithe arís sna toghcháin is déanaí inar tháinig Sinn Féin chun cinn mar an páirtí is mó.

Agus Sinn Féin ar an pháirtí is mó sna 26 contae anois chomh maith, tá cúrsaí polaitíochta ar fud an oileáin athraithe ó bhonn agus ní aisling bhréige í Éire Aontaithe a thuilleadh.

Tá an t-athrú polaitiúil seo ag cur brú ar pháirtithe eile a n-iarrachtaí a dhíriú ar bhonn uile-Éireann den chéad uair. Tá tionscnamh “Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte” a sheol Rialtas na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 2020 mar thoradh ar an athrú seo. Os a choinne sin, tá comhrialtas FF/FG/na nGlasach ag diúltú go fóill Tionól Saoránach a reáchtáil agus páipéar bán a choimisiúnú ar cheist aontacht na hÉireann. Is céimeanna riachtanacha iad seo chun díriú isteach ar na saincheisteanna go léir a bhainfeadh le hathrú bunreachtúil ar an oileán seo. Tá an obair ullmhúcháin seo de dhíth chun cás dearfach a leagan amach ar son Eireann Aontaithe i dtoghchán na teorann dá bhforáiltear i gcomhaontú Aoine an Chéasta.

Is cuma cén fáth a bhfuil an comhrialtas ó dheas ag diúltú na gcéimeanna seo a ghlacadh, bíodh sé ag iarraidh an status quo a choinneáil nó mar gheall ar eagla roimh an anaithnid, is léir go bhfuil muid ar threocht pholaitiúil agus eacnamaíochta do-athraithe ar an oileán seo a éileofar go gcuirfí tús leis an phleanáil d’Éirinn Aontaithe gan mhoill!

Idir an dá linn, tá tionóil phobail ar cheist thodhchaí na hÉireann á reáchtáil ag Sinn Féin ar fud na tíre agus tá painéil neamhspleácha ó earnálacha éagsúla na sochaí ag plé na ceiste seo leis an phobal. Go deimhin tá dhá thionól de chuid an Choimisiúin um Thodhchaí an hÉireann ag teannadh linn: Tionól Pobail Thír Eoghain Thiar ar an 27 Feabhra san óstán ‘Fir Trees’, an Srath Bán.  Bí páirteach sa díospóireacht chinniúnach seo! 

Colmán Mac an Chrosáin, Ball de Chumann Sinn Féin Jim McGinn, An Srath Bán, Co. Thír Eoghain

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland